An obair a dhéanaimid

what we doOibríonn Eurojust le húdaráis náisiúnta chun dul i ngleic le raon leathan coireanna tromchúiseacha agus casta trasteorann lena mbaineann dhá thír nó níos mó. Stiúrann an Ghníomhaireacht an fhreagairt bhreithiúnach do bhagairtí méadaitheacha san Eoraip, rud a chumasaíonn do na Ballstáit fanacht céim amháin chun tosaigh ar choirpigh, agus iad ag díriú go príomha ar ghrúpaí coireachta eagraithe. Is minic a bhaineann níos mó ná cineál coire amháin leis na cásanna a thugtar os comhair Eurojust.

Áirítear iad seo a leanas leis na cineálacha coireanna tosaíochta:

  • Sceimhlitheoireacht
  • Cibearchoireacht
  • Gáinneáil ar dhaoine
  • Gáinneáil ar dhrugaí
  • Coireanna in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais
  • Smuigleáil imirceach
  • Coireacht chomhshaoil
  • Sciúradh airgid
  • Caimiléireacht agus calaois

Cuireann Eurojust tacaíocht oibríochtúil shaincheaptha ar fáil le linn na gcéimeanna difriúla d’imscrúduithe coiriúla trasteorann, agus é ag soláthar na nithe seo a leanas:

  • freagairtí prasa;
  • buanseirbhís comhordúcháin, a bhíonn ar fáil 24 huaire sa lá, seacht lá sa tseachtain;
  • naisc le macasamhlacha tábhachtacha; agus
  • cúnamh maidir le hiarrataí comhair bhreithiúnaigh a ullmhú, lena n-áirítear aistriúcháin oifigiúla.

Ina theannta sin, is féidir le Eurojust freastal ar chineálacha casta sásraí cúnaimh agus comhordúcháin, ar féidir iad a chomhcheangal de réir mar is gá chun tacú le móroibríochtaí. Is féidir leis an nGníomhaireacht na nithe seo a leanas a dhéanamh, mar shampla:

  • imscrúduithe comhuaineacha a chomhordú;
  • cruinnithe comhordúcháin a eagrú idir na húdaráis bhreithiúnacha agus na comhlachtaí forfheidhmithe dlí lena mbaineann;
  • comhfhoirne imscrúdaithe a bhunú agus/nó a chistiú, áit a n-oibríonn údaráis bhreithiúnacha agus comhlachtaí forfheidhmithe dlí le chéile ar imscrúduithe coiriúla trasnáisiúnta, bunaithe ar chomhaontú dlíthiúil idir dhá thír nó níos mó; agus
  • laethanta comhghníomhaíochta a phleanáil, ar nithe iad a stiúrtar i bhfíor-am trí lárionaid chomhordúcháin a thionóltar in Eurojust agus ar lena linn is féidir le húdaráis náisiúnta déantóirí coire a ghabháil, grúpaí coireachta eagraithe a dhíchóimeáil agus sócmhainní a urghabháil.