An fáth a ndéanaimid é

Why we do it (© Shutterstock)

Is bunaithe ar shaoirse atá an tAontas Eorpach. Is mó é sin ná mana teibí; is prionsabal é a dhéanann difear dár ngnáthshaol laethúil. De bharr na saorghluaiseachta earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine, tá na deiseanna againn a theastaíonn uainn chun go n-éireoidh linn ó thaobh na heacnamaíochta, sóisialta agus pearsanta de. Chun an prionsabal sin a chosaint, tá dhá cholún eile AE chomh tábhachtach céanna, mar atá an tslándáil agus an ceartas. Níor cheart dúinn deis a thabhairt do choirpigh teacht i dtír ar ár saoirsí. Ós rud é nach cosc ar an gcoireacht iad teorainneacha, ní mór don Eoraip an choireacht a chomhrac trasna teorainneacha.

Sin é an fáth a bhfuil Eurojust ann. Tugann an Ghníomhaireacht ionchúisitheoirí agus breithiúna le chéile ó áiteanna ar fud an AE agus níos faide anonn chun dul i ngleic le gach cineál coireachta tromchúisí trasteorann. Mar gheall ar an saineolas agus an tacaíocht a thugann Eurojust, éiríonn na himscrúduithe a ndéanann údaráis náisiúnta iad ina scéalta ratha idirnáisiúnta.

Cuid dhílis de mhisean Eurojust is ea saoránaigh na hEorpa a chosaint. Ag obair di i gcomhar leis na Ballstáit agus le líonra fairsing comhpháirtithe idirnáisiúnta, cuireann an Ghníomhaireacht go mór le háit níos sábháilte a dhéanamh den Eoraip. Toisc nár cheart coireanna a fhágáil gan phionós. Toisc gur gá brabús neamhdhleathach a choigistiú. Toisc go dtuilleann íospartaigh cúiteamh a fháil. #JusticeDone atá ann – agus sin é an rud a n-oibríonn Eurojust ar a shon gach lá.

Highlights of the 2020 Annual Report [EN]