Conas a dhéanaimid é

How we work

Tugann Eurojust cúnamh i raon leathan imscrúduithe. Tá gach cás difriúil agus teastaíonn cur chuige ar leith ina thaobh. I bhformhór na gcásanna, ní mór d’ionchúisitheoirí gníomhú láithreach chun amhrastaigh a aimsiú agus a ghabháil. I gcásanna den sórt sin, is féidir le húdaráis náisiúnta a bheith ag brath ar bhuanseirbhísí uathúla Eurojust, lena gcabhraítear, mar shampla, le Barántas Gabhála Eorpach nó ordú reo a áirithiú go tapa nó le fianaise a bhailiú trí Ordú Imscrúdaithe Eorpach a úsáid. I gcásanna eile, tógtar an t-imscrúdú go mall agus go córasach thar roinnt míonna, nó thar roinnt blianta, fiú, ar lena linn a dhéantar pleanáil chúramach, comhordú cúramach agus plé cúramach agus ar ina leith a imríonn Eurojust ról comhordúcháin. Is iad comhfhoirne imscrúdaithe, uirlisí comhair bhreithiúnaigh an Aontais, cruinnithe comhordúcháin agus lárionaid chomhordúcháin na ceithre phríomh-mhodh tacaíochta a sholáthraíonn Eurojust.

Is le dhá Bhallstát nó níos mó den Aontas nó le Ballstát agus Stát nach Ballstát den Aontas é a bhaineann na cásanna a thugtar os comhair Eurojust. Uaireanta, baineann na cásanna le coireanna a rinneadh i mBallstát amháin agus a bhfuil frithiarmhairtí acu lasmuigh den Bhallstát sin. Cuireann Eurojust an taithí agus an saineolas ollmhór atá aige ar chomhar breithiúnach ar fáil do na Ballstáit, lena n-áirítear an raon uirlisí atá i bhfeidhm aige chun déileáil le fadhbanna amhail coinbhleachtaí dlínse, eiseachadadh, inghlacthacht fianaise, agus reo agus aisghabháil sócmhainní. Ós rud é go bhfreastalaíonn Eurojust ar údaráis ó na Ballstáit uile agus ó thríú Stáit éagsúla, is féidir leis freagairt go tapa d’iarrataí, agus é ag cabhrú le cás a réiteach laistigh de chúpla uair an chloig ó am go ham.

Líne ama chás Eurojust

Timeline of a Eurojust case

Click on the image to open a high resolution PDF document