Cé sinn

Who we are

Tá Eurojust, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil, ina mhol uathúil atá lonnaithe sa Háig, an Ísiltír, áit a n-oibríonn údaráis bhreithiúnacha náisiúnta i ndlúthchomhar chun coireacht thromchúiseach eagraithe trasteorann a chomhrac. Is é an ról atá ag Eurojust cabhrú leis an Eoraip a dhéanamh ina háit níos sábháilte trí chomhordú a dhéanamh ar obair na n-údarás náisiúnta – ó na Ballstáit den Aontas agus ó thríú Stáit – le linn dóibh coireacht thrasnáisiúnta a imscrúdú agus na daoine atá freagrach aisti a ionchúiseamh.

Tugann gach Ballstát rannpháirteach den Aontas Comhalta Náisiúnta ar iasacht do Eurojust. Tá na Comhaltaí Náisiúnta sin ina gcuid de Choláiste Eurojust, atá freagrach as obair oibríochtúil na Gníomhaireachta. Faigheann an Coláiste féin tacaíocht ó Roinn Riaracháin Eurojust, atá comhdhéanta d’anailísithe cáis, de chomhairleoirí dlí agus de shaineolaithe sonraí, i measc daoine eile. Tugtar in áitreabh saintógtha na Gníomhaireachta saoráidí slána cruinnithe ina n-éascaítear ateangaireacht go gach teanga de chuid an Aontais agus ina bhfuil seomra cruinnithe a forbraíodh go sonrach le haghaidh lárionaid chomhordúcháin ónar féidir faireachán agus comhordú a dhéanamh ar laethanta comhghníomhaíochta i bhfíor-am.

D’fhorbair Eurojust gréasán comhtháite idirnáisiúnta lena dtugtar rochtain ar níos mó ná 50 dlínse ar fud an domhain d’ionchúisitheoirí ó gach cuid den Aontas. Shínigh an Ghníomhaireacht comhaontuithe comhair le dosaen stát nach Ballstáit den Aontas iad, ar thug roinnt díobh Ionchúisitheoirí Idirchaidrimh ar iasacht do Eurojust chun obair ar chásanna i gcomhar lena macasamhlacha sa Choláiste. Oibríonn Eurojust i ndlúthchomhar le gníomhaireachtaí agus comhpháirtithe eile de chuid an Aontais a thacaíonn leis na céimeanna éagsúla den slabhra ceartais choiriúil, lena n-áirítear comhlachtaí forfheidhmithe dlí agus comhlachtaí frithchalaoise.

 

See detailed information about Eurojust's legal basis.

 

eurojust at glance